Torthaí cuardaigh - Cadenas, Rafael

Rafael Cadenas

Is file, scríbhneoir aistí agus ollamh ollscoile Veiniséalach é Rafael Cadenas (rugadh 8 Aibreán 1930 i mBarquisimeto, Lara).

D’fhoilsigh Cadenas a chéad leabhar filíochta, ''Cantos iniciales'', sa bhliain 1946. Tar éis coup míleata le Marcos Pérez Jiménez, chuaigh sé ar deoraíocht in Oileán na Tríonóide ó 1952 go 1956 . Léiríodh an taithí a fuarthas ansin ina chuid leabhar ''Una Isla'' agus ''Los cuadernos del destierro'' i 1958 agus 1960.

Sna blianta ina dhiaidh sin, chomh maith le himleabhair filíochta, foilsíodh roinnt aistí ar an litríocht. Sa bhliain 1985 bronnadh an ''Premio Nacional de Literatura de Venezuela'' air. I 1992 fuair sé an ''Premio Pérez Bonalde''. Sa bhliain 2007 ghlac sé páirt sa 4ú Féile Filíochta Mheiriceá Laidinigh i Vín. Sa bhliain 2009, fuair sé Gradam Juan Rulfo Mheicsiceo. In 2015, fuair sé Gradam García Lorca. Ina dhiaidh sin, sa bhliain 2018, fuair sé an ''Premio Reina Sofía de Poesía Iberoamericana'' agus an ''Premio Miguel de Cervantes'' in 2022

Cumannach ab ea Cadenas ina óige. Ar feadh na mblianta, áfach, bhí sé i bhfad ón idé-eolaíocht seo. Sa bhliaqin 2020, dúirt sé leis an nuachtán ''El País'', "''el problema de toda ideología es que ya está hecha, lo cual traba el pensar libremente''"." (I nGaeilge:" ''is í an fhadhb le haon idé-eolaíocht go bhfuil sí déanta cheana féin, rud a fhágann go bhfuil sé deacair smaoineamh faoi shaoirse.")'' Staon rialtas Nicolás Maduro ó comhghairdeas a dhéanamh le Cadenas nuair a bhuaigh sé duais Cervantes. Dúirt Cadenas ag an am: “''Ní fhaighim comhghairdis agus níl mé ag súil leo. Ní aontaím leis an réimeas, ach ní ghlacaim páirt sa pholaitíocht ach an oiread''". Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 2 toradh as 2 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    Obra entera : poesía y prosa 1958-1998 / de réir Cádenas, Rafael

    Foilsithe / Cruthaithe 2011
    Digitalia Hispánica
    Leictreonach Ríomhleabhar
  2. 2

    Obra entera : poesía y prosa (1958-1995) / de réir Cadenas, Rafael

    Foilsithe / Cruthaithe 2011
    Faigh an téacs iomlán
    Ríomhleabhar