Torthaí cuardaigh - Gramsci, Antonio

Antonio Gramsci

Fealsamh Marxach, scríbhneoir, teangeolaí, iriseoir, agus polaiteoir Iodálach ba ea Antonio Francesco Gramsci ([anˈtɔːnjo franˈtʃesko ˈɡramʃi]; 22 Eanáir 1891 – 27 Aibreán 1937). Ina chuid scríbhneoireachta, rinne sé trácht ar fhealsúnacht, teoiric pholaitíochta, socheolaíocht, stair, agus teangeolaíocht. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach na hIodáile agus bhí sé ina cheannaire ar an bpáirtí sin ó 1924 go 1926. Nuair a tháinig Benito Mussolini agus na Faisistithe i réim in 1922, cháin Gramsci iad go neamhbhalbh go dtí gur cuireadh i bpríosún é in 1926, áit ar fhan sé go bhfuair sé bás in 1937.

Le linn dó a bheith sa phríosún, scríobh Gramsci níos mó ná 30 leabhar nótaí agus 3,000 leathanach de stair agus anailís. Smuigeáladh na lámhscríbhinní as an bpríosún sna 1930idí, agus foilsíodh iad den chéad uair in 1947 faoin teideal '''' (Gaeilge: ''Leabhair Nótaí Príosúin''). D'imir na leabhair nótaí tionchar mór ar theoiric pholaitiúil an 20ú haois. Tharraing Gramsci léargais ó fhoinsí éagsúla — ní hamháin ó Mharxaigh eile, ach ó smaointeoirí ar nós Niccolò Machiavelli, Vilfredo Pareto, Georges Sorel, agus Benedetto Croce chomh maith. Phléigh sé raon leathan ábhar, mar shampla stair na hIodáile agus náisiúnachas na hIodáile, Réabhlóid na Fraince, an Faisisteachas, Taylorachas agus Fordachas, an tsochaí shibhialta, an stát, ábharachas stairiúil, béaloideas, reiligiún, ardchultúr, agus cultúr na ndaoine.

Is fearr aithne ar Gramsci as a theoiric ar heigeamaine chultúrtha, teoiric a dhéanann cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann an stát agus an aicme chaipitlíoch — an ''bourgeoisie'' — institiúidí cultúrtha chun saibhreas agus cumhacht a choinneáil. Ba é dearcadh Gramsci go bhforbraíonn an ''bourgeoisie'' cultúr heigeamaineach trí idé-eolaíocht seachas trí fhoréigean, fórsa eacnamaíoch, nó comhéigniú. Rinne sé iarracht freisin briseadh ón chinnteachas eacnamaíoch a bhí lárnach i smaointeoireacht ortadocsach na Marxach ag an am, agus dá bharr sin deirtear uaireanta gur nua-Mharxach é Gramsci. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
  • 1 - 8 toradh as 8 á dtaispeáint
Beachtaigh na torthaí
  1. 1

    Pasado y presente : cuadernos de la cárcel / de réir Gramsci, Antonio

    Foilsithe / Cruthaithe 2018
    Faigh an téacs iomlán
    Ríomhleabhar
  2. 2

    Para la reforma moral e intelectual : precedido de dos textos de Manuel Sacristán / de réir Gramsci, Antonio

    Foilsithe / Cruthaithe 2023
    Faigh an téacs iomlán
    Ríomhleabhar
  3. 3

    Cartas precarcelarias [1909-1926] : antología / de réir Gramsci, Antonio

    Foilsithe / Cruthaithe 2020
    Faigh an téacs iomlán
    Ríomhleabhar
  4. 4

    Para la reforma moral e intelectual / de réir Gramsci, Antonio

    Foilsithe / Cruthaithe 2015
    Faigh an téacs iomlán
    Ríomhleabhar
  5. 5

    Antología / de réir Gramsci, Antonio

    Foilsithe / Cruthaithe 2013
    Faigh an téacs iomlán
    Ríomhleabhar
  6. 6

    Las maniobras del Vaticano de réir Gramsci, Antonio

    Foilsithe / Cruthaithe 2010
    Faigh an téacs iomlán
    Ríomhleabhar
  7. 7

    Antología / de réir Gramsci, Antonio, 1891-1937

    Foilsithe / Cruthaithe 2013
    Digitalia Hispánica
    Leictreonach Ríomhleabhar
  8. 8

    ¿Qué es la cultura popular? / de réir Gramsci, Antonio, 1891-1937

    Foilsithe / Cruthaithe 2011
    Rannpháirtithe: “…Gramsci, Antonio, 1891-1937…”
    Digitalia Hispánica
    Leictreonach Ríomhleabhar