Torthaí cuardaigh - Maathai, Wangari
Wangari Maathai
Cosantóir comhshaoil is cearta daonna a rugadh i Nyeri na Céinia ab ea Wangari Maathai (1 Aibreán 1940 – 25 Meán Fómhair 2011). Bhain sí amach dochtúireacht in anatamaíocht na n-ainimhithe.Sa bhliain 1977 bhunaigh sí Gluaiseacht an Chreasa Ghlais, an scéim plandála crann ba mhó riamh san Afraic, agus aidhm aici bithéagsúlacht a chur chun cinn is ionannas níos láidre a thabhairt do mhná sa tsochaí.
Bhuaigh sí Duais Nobel na Síochána sa bhliain 2004, an chéad bhean Afracach a bhuaigh an duais sin. Arna chur ar fáil ag Vicipéid